Ċor go ḃfaduiġṫe ḃur láeṫe, agus láeṫe ḃur ccloinne, an sa dúiṫċenoċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ, mar laéṫe niṁe ar an ttaluṁ.
Gairim neaṁ agus taluṁ a niuġ dfiaġnuisi ḃur náġuiḋ, gur ḟoillsiġ mé as ḃur gcoinne, beaṫa agus bás, beannuġaḋ agus malluġaḋ: uimesin beir beaṫa do roġuin, ionnas go mairfe tú féin agus do ṡlioċd:
Ionnus go mbía eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus go ccoiṁeudfá a reaċda uile agus a aiṫeanta, noċ ḟúagruimsi ḋuit, ṫú féin, agus do ċlann, agus clann do ċloinne, ar feaḋ do ṡáoġuil; íonnus go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe.