Do ṁionnuiġ mé ṫríom féin, do ċuáiḋ an fócal amaċ as mo ḃéul a ḃfírinne, agus ní ḟillfe sé, Go nuiṁleoċuiḋ gaċ uile ġlún daṁsa, mionnoċa gaċ uile ṫeanga.
Cia hé so ṫig ó Edom, maille ré cúlaḋ ḋaite ó Ḃosrah? an té so atá glorṁar a néadaċ, ag siuḃal a méad a neirt? Misi laḃrus a ḃfíréantaċt, cuṁaċtaċ ċum saorṫa.
Ionnus go mbiáiḋ siḃ neiṁċiontaċ agus neaṁurċóideaċ, ḃur gcloinn neaṁloċduiġ ag Día, a measg ḋroiċċiniḋ ċrosda, eidir a ḃfuil siḃ ag deallruġaḋ mar lóċrannuiḃ soilse sa tsáoġal;