Ar a naḋḃarsin a duḃairt Pioláid ris, Má seaḋ an rí ṫú? Do ḟreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is ċuige so rugaḋ mé, agus is ċuige ṫáinig mé ar a tsáoġal, ionnus go ndéanuinn fínné don ḟírinne. Gaċ uile ḋuine atá ar ṫáoḃ na fírinne éisdiḋ sé mo ġuṫsa.
Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Gé nimsi finné ḋaṁ féin, atá mfinné fírinneaċ: do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteiġim; aċd ní ḃfuil a ḟios aguiḃsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéiġim.