6 Eistiġ; óir laiḃéoruiḋ mé ar neiṫiḃ oirḋearca; agus biáiḋ fosglaḋ mo ḃéil ar neiṫiḃ cearta.
Laiḃeoruiḋ mo ḃéul neiṫe glioca; agus smuáiniuġaiḋ mo ċroiḋe iomad eagna.
Gáirdeoċuid fós, mo ḋuḃáin, a nuáir laiḃeorus do ḃéulsa neiṫe cearta.
Oír do ḃeirim foġluim maiṫ ḋíḃ, ná tréigiḋ mo ḋlíġeaḋ.
Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ leis an ḃfáiḋ, a deir, Oisgéoluiḋ mé mo ḃéul tré ċosaṁlaċdaiḃ; noċdfuiḋ me neiṫer a tá foluiġṫe ó ṫosaċ an doṁain.
An ruindiaṁair do ḃí folaiġṫe ó ṫus an doṁuin agus ó ré na sinnsear, aċd a nois atá ar na ḟoillsiuġaḋ ḋá naóṁuiḃsion: