5 O a ḋaoine simplíḋe, tuigiḋ eagna: agus, siḃsi a amadána, bíoḋ ḃur ccroiḋe tuigsionaċ.
Atá dliġeaḋ an TIĠEARNA iomlán, ag iompóġ a nanma: is fírinneaċ fiaġnuise an TIĠEARNA, ag déanaṁ an tsimpliġ críonna.
Tuigiḋe, a ḃrúideaṁla a measg na ndaóine: agus siḃsi ḋaóine leaṁa, cá huáir ḃeiṫíse eagnuiġe?
Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?
Oír muirfiḋ suaiṁneas na namadán íad, agus scriosfuiḋ sonas na nóinṁideaḋ íad.
Do ṫaḃairt géarċúise don tsimpliḋ, eóluis agus deiscréide don duine og.
Ġeaḃuiḋ an duine glic oiġreaċt ġlóire: aċt is náire ḃus árduġaḋ do na hamadánuiḃ.
Misi a neagna áitreaḃuim a ḃfoċair na críonnaċta, agus do ġeiḃim amaċ éolus ar neiṫiḃ ínntleaċtaċa.
Oruiḃsi, a ḋaoine, atáim ag gairm; agus ċum mac an duine atá mo ġuṫ.
Giḋ bé atá simpliḋe, filleaḋ sé a steaċ annso: ar son an té air a mbí easḃuiḋ tuigsiona, a deir sí ris,
¶ Raċaiḋ an TIĠEARNA amaċ aṁuil duine cuṁaċtaċ, coirreoċuiḋ sé éud súas aṁuil fear cogaiḋ: gáirfiḋ sé, fós, núallfa sé; béara sé buáiḋ ar a naiṁdiḃ.
Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.
Agus do ṫoġ Día, neiṫe anúaisle an tsáoġail, agus na neiṫe tarcuisneaċa, agus na neiṫe naċ ḃfuil ann, ċum na neiṫeann atá ann do ċur a neiṁḃríġ: