33 Eistiġ re teagasg, agus bíṫí críonna, agus na díultuiġe é.
Eíġiḋ sí annsa náit is mó taṫuiġṫe, a noscaltaiḃ na ngeataḋ: a deir sí a briaṫra annsa ċaṫruiġ, ag raḋ,
Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:
A ṁic, éisd ré teagasg haṫar, agus ná tréig dliġeaḋ do ṁaṫar:
An té ḋíultas múnaḋ tarcuisniġiḋ sé anam féin: aċt an té uṁluiġios do smaċt do ġeiḃ sé tuigsi.
Eísd re coṁairle, agus glac teagasg, ċor go mbía tu glic ad ċríċ ḋeiġíonuiġ.
Eistiġsi, a ċlann, ré teagasg aṫair, agus tugaiḋ aire déolus tuicsion.
A ṁic, taḃair aire dom ċríonnaċtsa, agus ċáon do ċlúas dom ṫuigsin:
Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?