30 Annsin do ḃí misi aige, mar neaċ tugaḋ súas iona ḟoċair: agus bá mé a ḋúil go láeṫeaṁuil, ag gáirdeaċus iona ḟiaḋnuise a gcoṁnuiḋe;
Feuċ mo ṡeirḃíseaċ, noċ gaḃuim orum; mo roġa, ann a ḃfuil dúil manma; do ċuir mé mo spiorad air: do ḃéara sé breiṫeaṁnus amaċ ċum na ngeinteaḋ.
Suil do sguir seisean do laḃairt, féuċ, do ṫeilg néull soillseaċ sgáile orrṫa: agus feuċ táinic guṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so an Mac gráḋaċ úd agamsa, an a ḃfuil mo ṫoil ṁaiṫe; Eisdiġ ris.
Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.
Ni ḟacaiḋ neaċ ar biṫ Día a riaṁ; an áoinġein Ṁic, atá an uċd a Naṫar, as é dfoillsiġ é ḋúinne.
A Aṫair, taḃair glóir dod ainm feín. Uime sin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Tugas glóir, agus do ḃéur glóir ḋó a ris.
Ṫáinig mé amaċ ó Naṫair agus ṫáinig mé air a tsáoġal: fágḃuim an sáoġal, a ris, agus téiġim ċum a Naṫar.
Noċ do ṡáor sinn ó ċúṁaċduiḃ an dorċaduis, agus do aṫarruiġ sinn go rioġaċd a Ṁic ionṁuin féin: