3 Atá sí ag eíġeaḋ ré táoḃ na ngeataḋa, a bport an ḃaile, mar a ttigṫear a steaċ annsna doirsiḃ.
A nuáir do ċuáiḋ mé amaċ ċum an ġeata ṫríd an ccaṫruiġ, a nuáir do ġléusuinn mo ṡuiḋeaċan annsa tsráid!
Eíġiḋ sí annsa náit is mó taṫuiġṫe, a noscaltaiḃ na ngeataḋ: a deir sí a briaṫra annsa ċaṫruiġ, ag raḋ,
Oruiḃsi, a ḋaoine, atáim ag gairm; agus ċum mac an duine atá mo ġuṫ.
Ar a naḋḃarsin imḋiġsi a gcoṁrac na ród, agus giḋ bé ar biṫ dáoine do ġeaḃṫáoí ann, goiriḋ ċum na bainnse íad.
Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.
Imṫiġiḋ róṁaiḃ, agus ar seasaṁ sa teampall dáoiḃ laḃruiḋ ris an bpobal na huile ḃríaṫra na beaṫasa.