Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 8:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 A núair dullṁaiġ sé na flaiṫis, do ḃí misi annsin: a nuáir do ċuir sé compás air aġaiḋ a naigéin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 8:27
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ṫimċioll sé na huisceaḋa lé teórannuiḃ, nó go ttí an lá agus a noiḋċe ċum críċe.


Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA a ċaṫaóir ríoġa ar neaṁ; agus atá a rioġaċt ag ríaġluġaḋ ós cionn a nuile.


An té do rinne na flaiṫis le heagna: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Re breiṫir an TIĠEARNA do rinneaḋ na flaiṫeaṁnuis; agus le spiorad a ḃéil a ṡlúaġ uile.


Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA an talaṁ le na ġliocas; le tuigse do ḋaingniḋ sé na flaiṫeaṁnuis.


Tan nar ndearna sé fós an talaṁ, nó na maċairiġe, nó na háite is áirde do lúaiṫreaḋ an doṁuin.


A nuáir do ḋaingniḋ sé na néulla ṡúas: a nuáir do neartuiġ sé fúmairiġe a naigéin:


Beaṫoċuiḋ sé a ṫréud aṁúil áoḋaiare: cruinneoċaiḋ se na huáin le na láiṁ, agus iomċoruiḋ sé iona uċt íad, agus tiomáinfiḋ go mín an ċuid iona mbí óig.


An té ṡuiḋios ar roṫa na talṁan, agus atáid áitreaḃṫuiġ sin aṁuil dreoláin teasḃuiḋ; noċ leáṫnuiġios amaċ na neaṁa aṁuil cúirtín, agus ṡreaṫnuiġios amaċ íad aṁuil páilhúin do ḋéanaṁ coṁnuiġe:


Do rinne sé an talaṁ le na ċuṁaċt, sé do ḋaingniḋ an talaṁ lé na eagna, agus do ṡín amaċ na neaṁa le na ġliocus.


Oír is leisean do crúṫuiġeaḋ na huile neiṫe, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, sóḟaicsiġ agus dóḟaicsiġ, más árdċaiṫireaċa íad, nó tíġearnuis, nó úaċdaránaċd, nó cúṁaċda: as leision agus ar a ṡonsan, do crúṫuġeaḋ íad uile:


Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ