22 Do ṡealḃuiġ an TIĠEARNA mé a ttosaċ a ṡliġeaḋ, roiṁe a oibreaċaiḃ a nallúd.
Tuigiḋ Día a sliġe sin, agus atá fios a háite aige.
Ca líon hoiḃreaċa, a ṪIĠEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talaṁ lán dot ṡaiḋḃrios.
Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA an talaṁ le na ġliocas; le tuigse do ḋaingniḋ sé na flaiṫeaṁnuis.
Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.
Agus atá féin roiṁ na huile neiṫiḃ, agus is trídsion ṡeasaid na huile neiṫe a ḃfoċair a ċéile.
Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé;