Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.
Oír do ḃaḃair ag fulang má ráon ríomsa um ġéiḃeannuiḃ, agus do ġaḃaḃair ċuguiḃ go luaṫġáireaċ fáḋḃaḋ ḃur máoine, ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ ionnuiḃ féin go ḃfuil maóin ṡíorruiḋe as fearr ná sin aguiḃ ar neaṁ.
Tógḃuiḋ sé an boċd as an luáiṫreaḋ, agus tógḃniḋ sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiliġ, dá ccur na suiḋe eidir ṗrionnsaḋuiḃ, agus do ṫaḃairt orra caṫaóir ġlóire do ṡealḃuġaḋ: óir is leis an TTIĠEARNA uáiṫniġe na talṁan, agus do ṡuiġiġ sé an doṁan orra.