19 Is féarr mo ṫoraḋ ná ór, fós, ná ór glan; agus mo ċíos ná airgiod toġṫa.
Ní héidir a faġáil ar ór, ní mó ṫoiṁeostar aírgiod ar son a luáċa.
Ní coiṁmeas ré Topas na Hetiope í, ní mó coṁṫromar í le hór fíorġlan.
Is airgiod toġṫa teanga a nfíréin: is beag is fíu croiḋe an droċḋuine.
Ga ṁéad is féarr eagna dfaġáil ná ór? agus tuigsi dfaġáil is córa í do ṫoġa ná airgiod?
Oír is féarr a ceanniuġeaċt ná ceannuiġeaċt airgid, agus a soċar ná ór glan.
Gaḃaiḋsi mo ṫeagasg, agus ní airgiod; agus éolus tar a nór toġṫa.
Tréoruiġim a sliġe a nionnracuis, a meaḋon ċasán an ḃreiṫeaṁnuis:
Oír is sgáile a neagna, agus is cuṁdaċ an tairgiod: aċt isé dearscnuġaḋ a néoluis, go ttaḃair a neagna sáoġal don druing agá mbí sí.