Réacaiḋ a ḃfuil aguiḃ, agus taḃruiḋ déirc úaiḃ; déanuiḋ sparáin ḋiḃ féin naċ raċta a narsaiḋeaċd, cisde ar naċ raċa caiṫeaṁ ar neaṁ, a náiṫ naċ dtig gaduiḋe a ngar ḋó, agus naċ dtruáilliġeann an míol críon.
Mar ag déunaṁ doilġeasa, aċd do ġnáṫ ag déunaṁ gáirdeaċais; mar ḃoċda, giḋeaḋ do ní morán saiḋḃir; mar ḋaóniḃ gan ní air biṫ aca, giḋeaḋ do ṡealḃuiġeas na huile neiṫe.
Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?
Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit.