¶ Oír annsa noċdṁaḋ blíaḋuin dá ríġe, an feaḋ do ḃí sé fós óg, do ṫosuiġ se Día a aṫar Dáiḃi díarruiġ: agus annsa dara blíaḋuin déag do ṫosuiġ ar Iúdah agus Ierusalem do ġlanaḋ ó na háitiḃ árda, agus ó na garránuiḃ, agus ó na híoṁáiġiḃ greanta, agus ó na hioṁáiġṫiḃ leaġṫa.
Cuiṁniġ a nois do Ċruṫaiġṫeóir a láeṫiḃ hóige, suil ṫiocfuid na droċláeṫe, nó ḋruidfid na blíaḋna ríot, a naibeora tú, Ni ḃfuil sólás air biṫ agam iontaḋ;
Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé.
Ní a ḃfolaċ do laḃair mé, a náit ḋorċa don talaṁ: ní dúḃairt mé re síol Iácob, Iarruiḋ mé go díoṁaóin: misi an TIĠEARNA laḃrus fírinne, foillsiġim neiṫe atá ceart.
Aċd an tan do ċonnairc Iósa sin, do ḃí míċéudfaiḋ aige orrṫá, agus a duḃairt sé ríu, Leigiḋ do na leanbaiḃ teaċd ċugamsa, agus na toirmeasgaiḋ íad: óir is lé na leiṫéidiḃ súd flaiṫeas Dé.
Giḋ bé agá ḃfuilid maiṫeantasa, agus ċoiṁéadas íad, as é sin ġráḋuiġeas misi: agus giḋ be ġráḋuiġeas mise gráiḋéoċaiḋ Maṫair eisean, agus gráiḋéoċuiḋ misi é, agus foillseoċad mé féin dó.
Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.
Oír do ṫuirlinġeaḋ aingeal a naimsir áiriġe ar an loċ, agus do ḃuáiḋreaḋ sé an tuisge: ar a naḋḃarsin giḋ bé cédneaċ do ṫéiġeaḋ síos ann tar eis ḃuáiḋearṫa an uisge do níṫi slán é ó gaċ tinneas dá mbíoḋ air.
Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.
Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.