Agus smaiċdeoċa mé an sáoġal ar son a nuilc, agus na ciontuiġ ar son a négceirt; agus do ḃéara mé ar ḋíomus na nuáiḃreaċ scur, agus leagfa mé go hísiol áirdinntinn na núaṫḃásaċ.
Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.
Do ṫug an TIĠEARNA Día é féin mar ṁionnuiḃ, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, Fúaṫuiġim oirḋearcus Iácob, agus fúaṫuiġim a ṗáláis: uimesin seaċóduiġ mé súas an ċaṫair gun a ḃfuil innte uile.
Agus ná smúaineaḋ duine ar bioṫ aguiḃ olc ann ḃuir ccroiḋṫiḃ a naġaiḋ a ċoṁarsan; agus ná gráḋuiġiḋ mionna bréige: óir is neiṫe íadso uile ḟuáṫuiġimsi, a deir an TIĠEARNA.
Giḋeaḋ fanuiḋ fonndameint ḋaingean Dé ar bun, aga ḃfuil an séulasa, eaḋon Go ḃfuil fios a ṁuinntire féin ag an Dtíġearna. Agus, Gaċ áon ġoireas ar ainm Ċríosd seaċnaḋ sé a néugcóir.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.