11 Oír is fear a neagna náid na cloċa búaḋa; agus na huile neiṫe is féidir do ḋúiliuġaḋ ní hionċoiṁmeasta ría íad.
Cred é millse do ráiḋte dom ċarbad! ní is millsi ná mil dom ḃéul!
Uime sin is ionṁuin liom haiṫeanta ós cionn óir; agus ós cionn óir ḟíorġlain.
Is féarr ḋaṁ dliġeaḋ do ḃéil ná na mílte dór agus dairgiod.
Mó is cóir a níarruiḋ ná ór, aseaḋ, ná iomad dór ḟínealta: ni is millsi mar an gcéadna ná mil, agus ná seilt ċriaṫar na meala.
Ga ṁéad is féarr eagna dfaġáil ná ór? agus tuigsi dfaġáil is córa í do ṫoġa ná airgiod?
Atá ór ann, agus móran do ċloċuiḃ uáisle: aċt is íad bríaṫra a néolus an séud mórluáiġ.
Cía ḟéadas bean ṡuḃailceaċ dfaġáil? óir atá a lúaċ a ḃfad ós cionn péarlaḋ.
¶ Is maiṫ a neagna maille re hoiġreaċt: agus bí a ṫarḃa ag an ṁéid do ċí an ġrían.
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.
Ní mó is taoḃ ṫall dfairge atá sí, go naibeorṫá, Cía raċus tar fairge a nonn uáinn, dá taḃairt ċuguinn, ċor go gcluinfemis, agus go ndéinmís í?