Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.
Naċ ar ṗeacuiġ Soluṁ ríġ Israel leis na neiṫiḃsi? giḋ naċ raiḃ a niomad críoċ a leiṫéid do ríġ, noċ dob ionṁuin le na Ḋía, agus do rinne Día ríġ ḋe ós cionn Israel uile: ṫairis sin ṫug mná coiṁíġṫeaċa airsion féin peacuġaḋ.
Deagla, ar dteaċd a ris ċuguiḃ ḋaṁ, go nísleóċuiḋ mo Ḋía me eadruiḃ, agus go gcáoinfe mé morán don druing do ṗeacuiḋ ċeana, agus naċ dearna aiṫriġe sa neaṁġloine agus sa sdríopṫaċas agus sa mionáire do rinneadar.
¶ Aċ do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é, agus do ḃeanadar a ṡuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do ċeangladar é le boltuiġiḃ praís; agus do ḃí sé ag meilt a ttiġ an ṗríosúin.