¶ Agus tárla lá éigin, gur ġaḃ Elisa ṫríd Ṡunem, mar a raiḃ bean ṁórḋa; gur ċoiṁeigniġ sí é diṫe aráin. Agus is marsin do ḃí, dá ṁionca dá ngéaḃaḋ annsin, go ttíaġ se a steaċ ann diṫe aráin.
Agus ar ngaḃáil ḃaisdiḋ, ḋi féin agus do luċd a tiġe, do ġuiḋ sí sinn, ag ráḋ, Má ṁeasdáoi go ḃfuilim díleas don Tiġearna, tigiḋ, do ḋéunaṁ coṁnuiḋe dom ṫiġ. Agus do ċoiṁéigni sí sinn.
Agus do ġuil sisi dá laṫair an ċuid oile do na seaċd lá, an feaḋ do ṁair an féasta: agus tárla air an seaċdṁaḋ lá, gur innis sé ḋi, do ḃríġ go raiḃ sí roiġear air: agus dinnis sise an toṁás do ċlainn a muinntire.
Aċt do ḋiúlt seision, agus a duḃairt, Ni íosad. Aċd do ṡáruiġeadar, a ṡearḃḟoġantuiġiḋ, maille ris an mnáoi é; iondus gur áontuiġ sé dá nglór. Annsin déiriġ sé don taluṁ, agus do ṡuiġ sé ar an leabuiḋ.