¶ Oír cuideoċuiḋ an Tiġearna DIA liom; uimesin ní ḃía mé claóiḋte: uimesin do ṡuiġiḋ mé maġaiḋ aṁuil cloiċṫineaḋ, agus atá a ḟios agam náċ bía náire orum.
Do ḃeirid bronta do na huile stríopaċaiḃ: aċt do ḃeir tusa do ṫioḋlaicṫe dot háos gráḋa uile, agus fostuiġiḋ tú íad, ċor go ttiucfaiḋís ort gaċ uile ṫaóḃ ar son do stríopaċuis.
¶ Agus ṫusa, a ṁic an duine ná bíoḋ eagla ort rompa, agus ná bíoḋ eagla a mbríaṫar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteoċa tú a measc naiṫreaċ niṁe: ná bíoḋ eagla ort ré na mbríaṫraiḃ, agus ná bi anḃuáineaċ fá na naiġṫiḃ, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.
Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuilngeann tú don ṁnáoi Iesabel, a deir gur banḟáiḋ í féin, teagusg do ṫaḃairt uáiṫe agus mo ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa do ṁeallaḋ ċum sdríopaċais do ḋéunaṁ, agus ċum na neiṫeann atá ar na níoḋbairt dioḋaluiḃ iṫé.