Oír do ḃris mé do ċuing ón tsean aimsir, agus do ḋóiṫ mé do ċuiḃreaċ; agus a dúḃairt tú, Ní ṡáireoċa mé; an tionad ar ṡeaċráin tú ar a nuile ċnoc árd agus faói gaċ aonċrann glas ag déanaṁ meirdreaċuis.
Tóig súas do ṡúile ċum na náiteaċ nárd, agus féuċ a náit ann naċ ar luiġeaḋ leaċd: annsna sliġṫiḃ do ṡuiġ tú ríu, do nós a Narábianuiġ annsá ḃfásaċ; agus do ṫruáill tú an talaṁ led stríopaċus agus led ċiontuiḃ.
An tionad a ndéan tú háit oirḋeirc a ccionn gaċ sliġeaḋ, agus go ndéan tú háit árd ann gaċ áon sráid; agus naċ raiḃ tú aṁuil meirdreaċ, iondus go ttarcuisniġionn tú túarustal;
Agus ní ṡoillséoċuiġ solas coinnle ní sa ṁó ionnad; agus ní cluinfiġṫear gúṫ fir ná mná nuáḋṗósda ní sa ṁó ionnad: óir bá híad do ċeannuiġṫe daóine móra na talṁan; agus is réd ṗiséoguiḃ do meallaḋ na huile ċineaḋaċa.
Oír do íḃeadar na huile cineaḋaċa dfíon ḟeirge a sdríopaċuis, agus do rinneadar ríġṫe na talṁán sdríopaċas ría, agus atáid ceannuiġṫe na talṁan ar na ndéunaṁ saíḋḃir ré hiomad a sáiṁe.