Anois do ḃí a naṫair niṁe ní buḋ cealguiḋe ná áoin ḃeiṫeaċ san ṁaċaire dá ndéarna an TIĠEARNA Día. Agus a duḃairt sí ris an ṁnáoi, A neaḋ, a nduḃairt Día, Ní iostáoi dá gaċ áon ċrann sa ngáirdín?
Agus tárla, a nuáir do ċonnairc Ióram Iehu, go nduḃairt sé, An síoṫċáin, a Iéhu? Agus do ḟreagair seision, Cred í an tsióṫċáin, an fad ḃías stríopaċus do ṁaṫarsa Iesebel agus a piséoga coiṁlíonṁar sin?
Agus cred do ḋéana tú, an tan ḃías tú creaċta? Bíoḋ go néaduiġionn tú ṫú féin le crimson, bíoḋ go ndeasuiġeann tú ṫú féin lé séuduiḃ órḋa, bíoḋ go réabann tú héadan lé piontáil, is go díoṁaóin do ḋéana tú ṫú féin sgíaṁaċ; dísbeagfuid háos gráḋa ṫú, sirfid do ḃás.
Agus na mná mar an gcéudna, do ċur éuduiġ iomċúḃaiḋ iompa, maille ré haḋnáire agus ré macántus; ní ré grúaig ċasda, ná ré hór, ná ré péurlaiġiḃ, ná ré cúluiġeaċuiḃ mórluáiḋ;