Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.
Cuiṁniġiḋ ar an mbreiṫir a duḃairt mé riḃ, Ní mó an searḃḟoġantaiḋ ná a ṁaiġisdir. Má ġérleanadar misi, gérleanfuid siḃsi mar an gcéudna; má ċoiṁéudadar mo ḃríaṫarsa, coiṁéudfuid ḃur mbriaṫarsa mar an gcéadna.
Agus malluġaḋ, muna nuṁluiġṫí daiṫeantuiḃ an TIĠEARNA ḃur Ndía, aċd iómpoḋ a leaṫtáoiḃ as an tsliġe noċ aiṫniġimsi ḋáoiḃ a niuġ, do ḋul do leanṁuin deé oile, nar ḃaiṫniḋ dáoiḃ.
As beannuiġe an tí léiġeas, agus an dream éisdeas bríaṫra na fáiḋeadóireaċd so, agus ċoiṁéudus na neiṫe atá sgríoḃṫa innte: óir atá a naimsir a láṫair.
Aċd a duḃairt sé riom, Seaċuin ṫú ar sin do ḋéunaṁ: óir is coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ ná fáiḋiḃ, agus don druing ċoiṁéudas bríaṫra an leaḃairse: déun sléuċduin do Ḋía.