9 Cá fad ḃías tú ad ċoḋlaḋ, O a lorgánuiġ? ca huáir éireoċus tú as do ċoḋlaḋ?
Tuigiḋe, a ḃrúideaṁla a measg na ndaóine: agus siḃsi ḋaóine leaṁa, cá huáir ḃeiṫíse eagnuiġe?
Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.
Mar iompoiġios an dorus air a ḃacánaiḃ, marsin do ní an fallsán air a leabuiḋ.
Coḋlaḋ beag, néull beag, beagán fillte na láṁ do ċoḋlaḋ:
Eíriġ a ccionn an tseangáin, a lorgánuiġ; meas a ṡliġe, agus bí críonna:
Gléasuiġ sí a bíaḋ annsa tsaṁraḋ, agus cruinniġiḋ sí a beaṫaḋ annsa nfóġṁar.
¶ Filliḋ a nóinṁiḋ a láṁa fá ċéile, agus iṫiḋ a ḟeóil féin.
A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad?
Do cuireaḋ duine ó Ḋía, dár ḃainm Eóin.
Agus sin, ré meas na haimsire, gur miṫiḋ ḋúinn a nois músglaḋ ó ċodlaḋ: óir is goire ḋúinn a nois ar slanuġaḋ na a nuáir do ċreideamar.
Uime sin a deir sé, Músguil a ḋuine átá ad ċodlaḋ, agus éiriġ ó na ṁarḃuiḃ, agus do ḃéura Críosd solas duit.