Aseaḋ, bí fios a haimsire cinte ag an ccorr‐ġláis ann sa naiéir; agus coṁarṫuiġ an turtuír agus an ċórrṁónaḋ agus a náinleóg am a tteaċta féin: aċt ní ḟeidir mo ḋaóinesi breíṫeaṁnus an TIĠEARNA.
Agus ar ḃfreagra ḋá ṫiġearna, a duḃairt sé ris, A ḋroiċṡearḃḟoġantuiḋe ḟallsa, do ḃí a ḟios agad go mbeanuimsi ann sa náit naċ ndearna mé siólċur, agus go gcruinniġim ann sa náiṫ nar leaṫnuiġ mé:
Féaċaiġ ar éunlaiṫ a naiéir: oír ni ċuirid siól, agus ní ḃeanuid siád, agus ní ċruinniġid síad ann an sgíobólaiḃ; giḋeaḋ beaṫaiġiḋ ḃur Naṫair neaṁḋasa iád. A né naċ fear siḃsi go mór na iádsan?