Agus táinic as sin a nuáir do ċúaluiḋ a ṁaiġistir bríaṫra a ṁná noċ do laḃair sí ris, dá ráḋ, Marso do rinne do ṡeirḃíseaċ rium; go raiḃ a ḟearg ar lasaḋ.
¶ Cuir misi mar ṡéala air do ċroiḋe, mar ṡéala air do riġe: óir is láidir an gráḋ aṁuíl an bás; is fíoċṁar an téud mar a nuáiġ: is sméaróide teineaḋ a smearóide sin, agá mbí lasair ro ḋíḃḟeirgeaċ.
Do ḟill Ṗineas, ṁac Eleásar, ṁic Aáron an sagart, mfearg ó ċloinn Israel, an tan do ḃí sé teasġráḋaċ ar mo ṡonsa na measc, go nar ṁarḃ mé clann Israel tré mo éud.
Agus go ttiucfa spiorad éada airsion, agus go mbia sé éadṁar ré na ṁnaoi, agus isí ar na ttruailleaḋ: nó má ṫig spiorad an éada air, agus go mbía éadṁar do ṫáoiḃ a ṁná, agus naċ ttruailliġear isi: