32 Aċt giḋ bé do ní aḋaltrannas ré mnaói ata miṫuigsionaċ: an té do ní sin scriosuiḋ sé a anam féin.
Agus a duḃairt Ṗarao ré Ióseṗ, Do ċionn gur ṫaisbein Día so uile ḋuitsi, ní ḃfuil duine is discréidiġe agus is críonna ná ṫú féin.
Ní ḋéana tú aḋaltrannas.
Do ġeiḃṫior eagna a mbéul an té agá mbí tuigse: aċt atá slat a ccoinne ḋroma an té ḃíos a néagṁuis tuigsiona.
Beaṫuiġiḋ béul a nfíréin mórán: aċt éugaid na hamadáin do ḋíṫ eagna.
An té ḃíos a néugṁuis críonaċta tarcuisniġ sé a ċoṁarsa: aċt bí fear na tuigsiona na ṫoċt.
An té ṡáoṫruiġios a ḟéarann sáiseoċṫar lé harán é: aċt an té leanas daóine díoṁaóine atá sé gan tuigsi.
Iondus go ccláonfa tú do ċlúas ċum na heagna, agus go ttinḃra tú do ċroiḋe don tuigsin;
Do ġaḃ mé láiṁ re maċaire an duine ḟallsa, agus láiṁ ré fíneaṁuin an duine gan tuigsin;
Do ġeaḃa sé lot agus easonóir; agus ní scriosfuiġṫear a ṁasla ḋe.
Agus do ċonnairc mé a measc na ndaoine simpliġe, ṫug mé dom aire a measg na nógánaċ, ogán gan tuigsi,
Aċt an té ṗeacuiġios am aġuiḋsi do ní sé éagcóir air a anam féin: gaċ a ḃfúaṫuiġionn mé gráḋuiġid síad an bás.
Giḋ bé atá simpliḋe, filleaḋ sé a steaċ annso: ar son an té air a mbí easḃuiḋ tuigsiona, a deir sí ris,
Eístiġ so anois, a ṗohal amadánaċ, agus gan tuigsi; agá ḃfuilid súile, agus naċ ḃfaicionn; agá ḃfuilid clúasa, agus naċ ccluinn:
Do ḃádar mar eaċaiḃ bíaḋta air maidin: gaċ áonduine ag setriġ a ndiáiġ mná a ċoṁarsan.
¶ Teilgiḋ seaċad uáiḃ ḃur nuile ċoirṫe, ler ċiontuiġeáḃair; agus déanuiḋ ḋíḃ féin croiḋe núaḋ agus spiorad núaḋ: óir cred as a néugfuiḋe, a ṫiġe Israel?
¶ O a Israel, uáid féin atá do scrios, aċt is ionnamsa atá do ċaḃair.
As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.