Gur ġoir sí ar ṁuinntir an tiġe, agus do laḃair sí ríu, agus do ráiḋ, Feuċuiḋ, tug sé Eaḃruiġeaċ a steaċ do ṁagaḋ orúinn: táinic sé a steaċ ċugamsa do luiġe liom, agus do ġoir misi na ċoṁáirc go hárd.
Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg do na mnáiḃ ḟuáiġiḋiosclúasċáin ar na huile uilleannuiḃ, agus do ní ciarsúir air ċeann gaċ aóin státuir dfíaḋaċ anmann! An mbeiṫí ag fíaḋaċ anmann mo ṗobailsi, agus an ccuiṁdeoċṫaói béo anmanna na druinge ṫig ċugaiḃ?
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA, Do ḃríġ gur laḃraḃair díoṁaóineas, agus go ḃfacaḃair bréaga, ar a naḋḃarsin, féuċuiḋ, atáimsi ḃur naġaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.
Agus tiucfaiḋ a ccríċ, gaċ uile ḋuine dá ḃfuigfiġear ann do ṫiġsi, go ttiucfa agus go ccromfuiġ ċuige ar son ṗíosa airgid agus greama arám, agus déara sé, Guiḋim ṫú, cuir misi, a noifig éigin ḃeanas ris an tsagartaċd, go ḃféada mé greim aráin iṫe.