¶ Tuilleaṁ oile a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go ḃfuilid inġeana Sion uallaċ, agus go siuḃluiġid lé muinealuiḃ sínte amaċ agus le súiliḃ míonáireaċ, ag imṫeaċd agus ag gearraḋ mar imṫiġid, agus ag déanaṁ fuáime le na ccosuiḃ:
Agus cred do ḋéana tú, an tan ḃías tú creaċta? Bíoḋ go néaduiġionn tú ṫú féin le crimson, bíoḋ go ndeasuiġeann tú ṫú féin lé séuduiḃ órḋa, bíoḋ go réabann tú héadan lé piontáil, is go díoṁaóin do ḋéana tú ṫú féin sgíaṁaċ; dísbeagfuid háos gráḋa ṫú, sirfid do ḃás.
Agus tuilleaṁ fós, do ċuireadar fios air ḋaóiniḃ teaċt a ḃfad, a ccionn ar cuireaḋ teaċta; agus, féuċ, ṫangadar: ar son ar niġ tusa tú féin, ar ṗinndeáil tú do ṡúile, agus ar ċóiriġ tu ṫú féin le culaḋuiḃ,
Ní ṡainteoċa tú bean do ċoṁarsann, ní mó ṡainteoċus tú tiġ do ċoṁarsann, a ḟéarann, nó a óglaċ, nó a ḃanóglaċ, a ḋaṁ, nó a assal, nó éinní is lé do ċoṁarsuinn.