Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.
A ṪIĠEARNA, ní ḃfuil mo ċroiḋe árd, ní mó atáid mo ṡúile ar na ttógḃáil súas: agus níor ṡiuḃlas a naḋḃaraiḃ móra, agus a neiṫiḃ iongantaċa is áirde ná mé.
¶ Tuilleaṁ oile a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go ḃfuilid inġeana Sion uallaċ, agus go siuḃluiġid lé muinealuiḃ sínte amaċ agus le súiliḃ míonáireaċ, ag imṫeaċd agus ag gearraḋ mar imṫiġid, agus ag déanaṁ fuáime le na ccosuiḃ:
Do ní taisbeanaḋ a ngnúise fiaġnuise na naġaiḋ; agus foillsiġid a bpeacaḋ aṁuil Sodom, ní ḟólċuid síad é. A ṁairg dá nanam! óir do ċúitiġeadar olc ríu féin.
Aċt bíoḋ a ḟios aguiḃ go dearḃṫa, má ċuirṫí misi ċum báis, go ttiuḃarṫaói go deiṁin fuil neiṁċiontaċ oruiḃ féin, agus air an ccaṫruiġsi, agus air a háitreaḃṫaċaiḃ: óir go fírinnioċ do ċuir an TIĠEARNA misi ċuguiḃ do laḃairt na mbríaṫarso uile ann ḃur cclúasaiḃ.
As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.
Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.