Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.
Aċt bíoḋ a ḟios aguiḃ go dearḃṫa, má ċuirṫí misi ċum báis, go ttiuḃarṫaói go deiṁin fuil neiṁċiontaċ oruiḃ féin, agus air an ccaṫruiġsi, agus air a háitreaḃṫaċaiḃ: óir go fírinnioċ do ċuir an TIĠEARNA misi ċuguiḃ do laḃairt na mbríaṫarso uile ann ḃur cclúasaiḃ.
¶ Marso a deir an TIĠNARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Edom, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ainlean sé a ḋearḃraṫair leis an ccloiḋeaṁ, agus gur ṫeilg úaḋ gaċ uile ṫrúaiġe, agus gur réub a ḟearg go síorruiḋe, agus gur ċonnaiṁ a ḟearg go síorruiġe:
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ḋamascus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad; do ḃríġ gur ḃuáileadar Gileád lé súistiġiḃ íaruinn:
¶ Mar so a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Gása, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola me íad: do ḃríġ go rugadarleó a láiṁ na braiġde go hiomlán, dá seaċadaḋ do Edom:
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Tírus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ṡeaċadar súas na braiġde uile do Edom, agus nar ċuiṁniġiodar an cunnraḋ dearḃráiṫreaṁuil.
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Iúdah, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur ḋísbeagadar dliġeaḋ an TIĠEARNA, agus nár ċoiṁéadadar a aiṫeanta, agus ṫug a mbréuga orra seaċrán do ḋéanaṁ, a ndiaiġ ar ṡiuḃluiġeadar a naiṫre:
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Israel, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur reacadar an fíréun air airgiod, agus an ḃoċt ar ṗéire bróg;
Agus ná smúaineaḋ duine ar bioṫ aguiḃ olc ann ḃuir ccroiḋṫiḃ a naġaiḋ a ċoṁarsan; agus ná gráḋuiġiḋ mionna bréige: óir is neiṫe íadso uile ḟuáṫuiġimsi, a deir an TIĠEARNA.
Ní féadann an céidḟear, do ċuir uaḋ í, a glacaḋ ċuige a rís na mnaoi, tar éis a truáilliġe; óir is aḋḟúaṫṁaireaċd sin a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus ní ṫiuḃra tú fa deara don dúiṫċe peacuġaḋ, noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd.