Aċt do rinneadar magaḋ fa ṫeaċtuiḃ Dé, agus do ṫarcuisniġeadar a ḃríaṫra, agus do easonóruiġeadar a ḟáiġe, nó gur éiriġ feárg an TIĠEARNA re na ṗobal, ionnus naċ raiḃ a ḃfóiriṫin ann.
Agus a déara tú ríu, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Eaḋon is marso ḃrisfios mé an pobalso agus an ċaṫairsi, mar ḃrisios neuċ soiġṫeaċ an ṗotadóra, naċ féidir a ḋéanaṁ slán a rís: agus aḋlocuid síad a Ttoṗet, nó go raiḃ gan áit aḋluicṫe ann.
Agus tárla, an tan do ṫairrġir misi, gur éug Pelatiah mac Benaiah. Annsin do ṫuit mé síos ar maġaiḋ, agus déiġ mé lé gúṫ árd, agus a duḃairt, Ah a Ṫiġearna DIA! an ccuirfiḋ tú deireaḋ iomlán le fuiġiol Israel?
Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.