Is olc fós soiṫiġiḋ an tsantuiġ: tionscnuiḋ sé droiċṫionnscanta do scrios an ḃoiċd le bríaṫraiḃ bréagaċa, eaḋon a nuáir laḃras an teasḃuiḋeaċ go ceart.
Oír do ṡíoladar an ġáoṫ, agus beanfúid an ġáoṫ ġuáirdeain: ní ḃiáiḋ connlaċ aige: ní ṫiuḃra an coinlín min uaḋa: má ḃeir, isé an coiṁṫiġeaċ ṡluigfios súas í.
Aṁairg don druing ṫionnscnas éigceart, agus oibriġios olc air a leabuiḋ! an tan is solus an ṁaidin, cuirid a ngnáṫ é, do ḃríġ go ḃfuil sé a ccuṁaċt a láṁ.
Agus íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫreaċ, géurċoiṁéud do ḋéunaṁ ḋáóiḃ ar an muinntir ṫógḃus siosma agus is ciontaċ ré hoilḃeim do ṫaḃairt úaṫa contrarrḋa don teagasg do ḟoġluim siḃ; agus seaċnaiḋ íad.