11 Marsin ṫiocfas do ḃoċtuine mar neaċ ḃíos ar sírṡiuḃal, agus do ríaċtanas mar ḋuine armṫa.
An té ċumlas lé laiṁ ṁainneaċtnuiġ ṫig sé ċum boċtuine: aċd do ní láṁ an dúṫraċtaiġ sáiḋḃir.
Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ.
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.
Ní ṫreaḃṫuiġ an lorgánaċ do ḃríġ a nfúaċta; uimesin íarrfuiḋ sé déirc san ḃfoġṁar, agus ni bía aoinni aige.
Oír tiucfaiḋ an pótaire agus an duine cráosaċ ċum boċtuine: agus do ḋéan a naiṁleisge duine déuduġaḋ le ceirteaċaiḃ.
Beagan codalta fós, néull beag, filleaḋ beag na láṁ air a ċeile ċum codalta:
Marsin tiucfuiḋ do ḃoċtuine mar áon ḃías ar siuḃal, agus do ríaċtanas mar ḋuine armṫa.
¶ Filliḋ a nóinṁiḋ a láṁa fá ċéile, agus iṫiḋ a ḟeóil féin.