10 Coḋlaḋ beag, néull beag, beagán fillte na láṁ do ċoḋlaḋ:
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.
Oír tiucfaiḋ an pótaire agus an duine cráosaċ ċum boċtuine: agus do ḋéan a naiṁleisge duine déuduġaḋ le ceirteaċaiḃ.
Eíriġ a ccionn an tseangáin, a lorgánuiġ; meas a ṡliġe, agus bí críonna:
Cá fad ḃías tú ad ċoḋlaḋ, O a lorgánuiġ? ca huáir éireoċus tú as do ċoḋlaḋ?
¶ Filliḋ a nóinṁiḋ a láṁa fá ċéile, agus iṫiḋ a ḟeóil féin.