1 A ṁic, má ḃíonn tú a nurruġas ar do ċaraid, má ḃuáil tú do láṁ lé coiṁiġṫeaċ,
Biaiḋ misi a nurraḋas duit air; as mo láiṁsi íarrfas tú é: muna ttuga mé ċugad é, agus a ċur as do ċoinne, ann sin bíoḋ aiṫḃear go bráṫ orum:
Léig síos anois, cuir misi a ndaingion ad ḟoċair; cía hé an té ḃuáilfios láṁa riom?
An té ḃíos a nurruḋas ar ċoiṁiḋeaċ goirteoċṫar ann é: agus an té ḟúaṫuiġios urraḋas bí sé daingion.
Ceangluiḋ duine gan tuigsi cunnraḋ, agus téid a nurruḋas a ḃfíaġnuise a ċarad.
Glac éadaċ an té ṫéid a nurruġas ar ċoiṁṫiġeaċ: agus glac geall uáḋ ar son mná ċoiṁṫíġiḋ.
Ná bíse don druing ḃuáileas láṁa, nó don druing ḃíos durruiġ ar son ḟíaċ.
Glac eadaċ an té ḃíos a nurruḋas ar an ccoiṁṫiġeaċ, agus tóg geall úaḋ ar son inná coiṁṫiġiḋ.
Atá tú ceangailte le briaṫraiḃ do ḃéil, atá tú gaḃṫa lé bríaṫraiḃ do ḃéil.
¶ Uimesin do ṫréig tú do ṗobal, tiġ Iácob, do ċionn go ḃfuihd síad líonta do ḃéusuiḃ a noirṫir, agus na luċd fáistine cosṁuil ris na Ṗilistineaċaiḃ, agus go líonuid do ċloinn na ccoiṁṫiġeaċ.
Do rinneaḋ go fíu a noirid sin, urra an ċonnarṫa is feárr Díosa.