7 Eístiġ riomsa uime sin anois, a ċlann, agus ná dealuiḋe ré bríaṫraiḃ mo ḃéil.
Od ḃreiṫeaṁnusaiḃ níor ḋealuiġ mé: óir do ṫeagaisg tú mé.
A ṁic, ná dealċaidís sin ré do ṡúiliḃ: connuiṁ gliocas iomlán agus discréid:
Eistiġsi, a ċlann, ré teagasg aṫair, agus tugaiḋ aire déolus tuicsion.
Ná léig íadso as do ṡúiliḃ; coiṁéad íad a lár do ċroiḋe.
Eistiġe riom a nois uimesin, a ċlann, agus taḃruiḋ aire do ḃríaṫraiḃ mo ḃéil.
Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?