3 Oír silid puisíniġe mná coiṁiġ ṫiġe mar ċríaṫar meala, agus is míne a béul ná ola:
Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.
Dot ṡáoraċ air an mnaói ċoiṁṫiġ, eaḋon an coiṁṫiġeaċ noċ ṁeallus le na bríaṫruiḃ;
Is log doṁain béul na mban ccoiṁṫiġṫeaċ: an té ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA tuitfiḋ sé ann.
Agus cred as a mbeiṫeása, a ṁic, ar seaċran le mnaói ċoiṁṫiġiḋ, agus fa tteannfá le brollaċ coiṁiġeaċ?
Dot ċoiṁéad ar an droċ ṁnaói, ó spleaḋaċas teangṫa na mná coiṁṫiġiḋ.
Lé móran do ċaint ḃlasda ṫug sí air áontuġaḋ, ré spleaḋaċas a puisíne do ċoiṁéigniġ sí é.
Ċor go ccoiṁéadfuid ṫú air an mnaói ċoiṁiġiḋ, air an ccoiṁṫiġeaċ spleaḋniġios lé na bríaṫraiḃ.
Agus do ġeiḃim ní is seirḃe ná an bás an ḃean, ag ar paintéir agus líonta a croiḋe, a láṁ aṁuil géiḃionn: giḋ bé do ní toil Dé raċaiḋ sé as uáiṫe; aċt géaḃṫar an peacaċ lé.
Silid do ṗuisíne, a ḃáinċéile, aṁuil criaṫar meala: atá mil agus bainne faói do ṫeangaiḋ; agus bolaḋ héaduiġ mar ḃolaḋ Lebanon.