23 Do ġeaḃa sé bás a néagṁais teagaisg; agus a nainṁéid a amadánaċta raċaiḋ sé a muġa.
Aċt muna nuṁluiġid síad, tuitfid leis an ccloiḋioṁ, agus do ġeaḃuid bás gan éolus.
Naċ imṫiġeann seaċad an toirḋearcus atá ionnta? éaguid, fós gan eagna.
Agus do léigios dóiḃ imṫeaċd a míangus a ccroiḋe: do ṡioḃladar iona ccoṁairle féin.
Agus fillfe sé orra féin a gcionta agus ann a nurċóid géarrfa sé amaċ íad; scriosfa an TIĠEARNA ar Ndía íad.
Uimesin íosuid síad do ṫoraḋ a sliġe féin, agus líonfuiġear íad dá dtionnscantaiḃ féin.
Beaṫuiġiḋ béul a nfíréin mórán: aċt éugaid na hamadáin do ḋíṫ eagna.
Molfuiġṫear duine do réir a eagna: aċt dísbeagfuiḋṫior an té agá mbía croiḋe urċóideaċ.
Lionfuiġear re na ṡliġṫiḃ fein an ġearrċumainnaċ a ccroiḋe: agus fásfuiġṫear an duine maiṫ úaḋ féin.
Díbearṫar an ciontaċ as iona ċionntaiḃ: aċt bí dóṫċus ag an ḃfíréan iona ḃás.
An té ṡeaċránuiġios as sliġe na tuigsiona anfaiḋ sé a ccoṁcuruinniuġaḋ na marḃ.