Aċt a núair ṫáinic Ester a laṫair an ríġ, daiṫin se le litreaċaiḃ an droiċṫionnsgnaṁ, do ṫríall sé a naġaiḋ na Niúduiġeaḋ, dfilleaḋ ar a ċeann féin, agus é féin agus a ṁic do ċroċaḋ san ccroiċ.
Oír do timċiolladar uilc ḋóairṁe fa ccuairt mé: do ġaḃadar na peacaiḋ greim ḋíom, agus ní ḟéaduim ḟéuċuin súas; atáid ní is líonṁuire ná grúag mo ċinn: agus do ṫréig mo ċroiḋe mé.
Má deir tú, Féuċ, ní raíḃ a ḟios aguinn; naċ measann an té sgrúdas na croiḋṫe sin? agus naċ ḃfuil a ḟios ag an té ċuṁduiġios hanamsa, agus naċ ttinḃra sé dá gaċ áon do réir a oibreaċ?
Agus do ġeiḃim ní is seirḃe ná an bás an ḃean, ag ar paintéir agus líonta a croiḋe, a láṁ aṁuil géiḃionn: giḋ bé do ní toil Dé raċaiḋ sé as uáiṫe; aċt géaḃṫar an peacaċ lé.
Smaiċteoċuiḋ holc féin ṫú, agus imḋeargfuiḋ do sċleaṁnuġaḋ tar hais ṫú; bíoḋ a ḟios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searḃ an ní mar ṫréig tú an Tiġearna do ḊIA, agus naċ ḃfuil meaglasa ionnad, a deir an Tiġearna DIA na slóġ.
Do ċeangail a láṁa cuiḃreaċ meigceirt: do snioṁaḋ sé íad, agus ṫangadar súas fám ṁuinéal: ṫug sé ar mo neart tuitim, do ṡeaċuid an TIĠEARNA iona láṁuiḃ mé, go naċ ḃféaduim éirġe súas.