Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 5:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Oír atáid sliġṫeaċa an duine a ḃfiaġnuisi súl an TIĠEARNA, agus measaiḋ sé a imṫeaċta uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 5:21
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír riṫid súile an TTIĠEARNA ċuige agus úaḋ ar feaḋ an doṁuin úile, dá ḟoillsiuġaḋ feín láidir do ṫaoḃ na druinge a mbía a ccroiḋe iomlán da ṫaoḃ. Annso do rinne tusa go leaṁ: uimesin ó so amaċ biaiḋ cogaḋ ort.


Oír anois áirṁiġ tú mo ċoiscéimiġ: naċ ḃfuil tú ag faire ós cionn mo ṗeacuiġ?


Bíoḋ gur tugaḋ ḋó ḃeiṫ a ndaingean, ar a mbí a ṡuáiṁneas; ṫairis sin bíd a ṡúile ar a sliġṫiḃsion.


Naċ ḃfaiceann seision mo ṡliġṫesi, agus naċ áirṁionn mo ċoiscéime uile?


Oír atáid a ṡúile ar ṡliġṫíḃ an duine, agus do ċí sé a imṫeaċda uile.


Atá an TIĠEARNA ann a ṫeampall naoṁṫa, atá árdċaṫaóir an TIĠEARNA air neaṁ: do ḃeirid a ṡúile aire, teastuiġid forrḋuḃa a ṡúl, clann a ndaóine.


Do ċoiṁéad mé haiṫeanta agus ṫfíaḋnuiseaḋa: óir atáid mo ṡliġṫe uile ad laṫairsi.


Do ḋearḃuis mo ċroiḋe; do ḟiosruiġis sa noiḋċe; do ḋearḃuis mé, agus ní ḃfuiġir éainní; is mían liom naċ cciontoċuiḋ mo ḃéul.


Atáid súile an TIĠEARNA ann gaċ uile ḃall, ag féuċuin air a nolc agus air an maiṫ.


Meas sliġe do ċos, agus bídis doṡliġṫe uile daingion.


Deagla go smúainteoċṫá casán na beaṫa, atáid a sliġṫe sóġluáiste, iondus naċ éidir leaċd a naiṫne.


Oír atáid mo ṡúile ar a nuile ṡliġṫiḃ: ní ḃfuilid a ḃfólaċ óm ġnúis, ní mó atáid a ccionta a ḃfolaċ ar mo ṡúiliḃ.


Misi an TIĠEARNA scrúduim an croiḋe, dearḃuim na duḃáin, eaḋon do ṫaḃairt dá gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, agus do réir toruiḋ a ġníoṁ.


An ḃféadann áonduine e féin dfolaċ a náitiḃ uaigneaċa naċ ḃfaidfiḋ misi é? a deir an TIĠEARNA. Naċ lionomsa neaṁ agus talaṁ, a deir an TIĠEARNA.


Do ḃríġ go ndearnadar aḋnáir ann Israel, agus go ndéarnadar aḋaltrannas ré mnáiḃ a ccoṁarsan, agus mar do laḃradar bríaṫra bréagaċa ann mainmse, naċ ar aiṫin mé ḋíoḃ; agus atá a ḟios agamsa, agus is fíaḋnuisi mé, a deir an TIĠEARNA.


Mór a ccoṁairle, agus cuṁaċtaċ a ngníoṁ, (óir atáid do ṡúile oscuilte ar uile ṡliġṫiḃ ṁac na ndaóine: do ṫaḃairt do gaċ áonduine do réir a sliġṫeaċ, agus do réir ṫoruiḋ a ngníoṁ:)


Agus ní ṁeasuid siad iona ccroiḋṫiḃ go ccuiṁniġimsi a nuile olc: a nois do ṡuiġ a ngníoṁa féin iona ttimċioll, atáid as coinne maiġṫe.


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neiṫe a deir Mac Dé, agá ḃfuilid a ṡúile mar Iasair ṫeineaḋ, agus a ċosa cosṁuil ré fionnḃruiné;


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ