Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.
Agus ní raiḃ tart orra a nuáir ṫug sé ṫríd na dioṫraṁuiḃ íad: ṫug sé fa deara do na huisgeaḋuiḃ tuiliuġaḋ ḋóiḃ amaċ as an ccarruic: do scoilt sé an carruic mar an ccéadna, agus do scinneadar na huisgeaḋa amaċ.
Agus do ḃádar tríoċad mac aige, agus tríoċad inġean, noċ do ċuir sé amaċ úaḋ, agus ṫug sé tríoċad inġean a steaċ ċuige dá ṁacaiḃ. Agus do ḃí na ḃreiṫeaṁ a Nisrael seaċd mblíaḋna.