15 Iḃ uisge as do ṫiubruid féin, agus uisge reaṫa as do ṫoibreaċaiḃ féin.
Ní mór naċ raiḃ mé ann gaċ uile olc a meaḋon an ċoṁċruinniġṫe agus a noireaċtuis.
Leaṫnuiġṫear ṫfúaráin amaċ, agus do ṡroṫa uisge annsna sráidiḃ.
Is gáirdín ar na íaḋaḋ mo ḋeirḃṡíur, mo ḃainċéile; tobar ar na ḋrud súas, tiobruid ar na séalaḋ.
Ná héistiġ re Heseciah: oir is marso a deir ríġ na Hassíria, Déanaiḋ réiteaċ riomsa maille re cúṁa, agus tigiḋ amaċ ċugam: agus iṫeaḋ gaċ aon aguiḃ dá ḟíneaṁuin, agus gaċ aon da ċrann fíge, agus iḃiḋsi gaċ áon aguiḃ uisge a ṫiubraide féin;
As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.