Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?
Agus a nuair ḃéara sé uirre an tuisce ól, tiocfuiḋ a ccriċ, ann sin ma ḃionn sí ar na truailleaḋ, agus go ndéarna coir a naġaiḋ a fir, go raċuiḋ an tuisce do ḃeir an malluġaḋ innte, agus go mbiaiḋ searḃ, agus atfuiḋ a bolg, agus loḃṫuiġ a tairḃféiċ: agus biaiḋ an ḃean malluiġṫe a measc a daóine.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.
Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.