Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.
Aċt a dúḃairt Ieremiah, Ní ṡeaċóduid síad ṫú. Uṁluiġ, íarruim daṫċuinge órt, do ġúṫ an TIĠEARNA noċ laḃruimsi riot: mairsin ḃías sé go maiṫ agadsa, agus mairfiḋ hanam.
Aṁáin taḃair aire ḋuit féin, agus coiṁéud ṫanam go dúṫraċdaċ, deagla go ndearmadfá na neiṫe do ċonnairc do ṡúile, agus deagla go scairfaidís ré do ċroiḋe uile laéṫeaḋ do ḃeaṫá: aċd múin dod ṁacuiḃ íad, agus do ṁacuiḃ do ṁac;
Ar mbeiṫ cuiṁneaċ ḋaṁ ar an gcreideaṁ neaṁḟallsa atá ionnad, noċ do ḃí na ċóṁnuiḋe ar tús ann do ṡeanṁáṫair Lois, agus ann do ṁáṫair Eunice; agus ís deiṁin leam a ḃeiṫ ionnadsa mar an gcéudna.