27 Ná fill air an laiṁ ḋeis nó ċlé: áṫruiġ do ċos ó nolc.
A ṁic, ná siuḃailsi annsa tsliġe léo; congṁaiḋ air hais do ċos ó na ccasán:
Ise sliġe ṁór a nfírein dealuġaḋ ris a nolc: an té ċoiṁéadas a ṡliġe cuṁduiġe sé a anam.
¶ Ionnluiḋ siḃ féin, glanuiḋ siḃ féin; cuiriḋ uáiḃ olc ḃur ngníoṁ as mo raḋarc; sguiriḋ do ḋéanaṁ uile;
Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ.
Giḋ bé ar biṫ ní aiṫéonus misi ḋaoiḃ, coiṁéaduiġ a ḋéanaṁ, ni ċuirfe tú éinní na ċionn, agus ní mó ḃeanfas tú ḋe.
Agus ní raċa tú a leaṫtaoiḃ ó éanḟocal dá laḃruimsi riot a niuġ ar a láiṁ ḋeis, nó ar a láiṁ ċlé, do leanṁuin dée oile do ḋéanaṁ seirḃíse ḋóiḃ.
Do ḃéarṫáoi dá ḃur naire ar a naḋḃarsin go ndeárntáoi mar do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋíḃ: ní ċasfuiḋe a leaṫṫáoiḃ ar ḃur láiṁ ḋeis nó ċlé.
Aṁain bísi láidir agus roċurata, ċor go gcoiṁéadfa tú do ḋéanaṁ do réir an dliġe uile, noċ do aiṫin mo ṡerḃíseaċ Maóise ḋiot: na hiompóiġ uaḋ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé, ċor go mbía tú sona giḋ bé ar biṫ áit a raċa tú.