¶ Teilgiḋ seaċad uáiḃ ḃur nuile ċoirṫe, ler ċiontuiġeáḃair; agus déanuiḋ ḋíḃ féin croiḋe núaḋ agus spiorad núaḋ: óir cred as a néugfuiḋe, a ṫiġe Israel?
Diosbóireaċd ċíapálaċ ḋaóineaḋ truáilliġ na ninntinn, agus atá dealuiġṫe ris a nfírinne, agus ṡaóileas gur díaġaċd a néudáil: dealuiḋ ré na saṁuil sin do ḋaóiniḃ.
Uime sin ar gcur úaiḃ na huile neaṁġloine agus iomarcuiḋ mailíse, gáḃuiḋ ċúguiḃ maille ré ceannsaċd an ḃríaṫar atá ar na plánnduġaḋ ionnuiḃ, ler féidir ḃur nanmanna ṡlánuġaḋ.
Má atá aóinneaċ eadruiḃ lér cosṁuil ḃeiṫ ríaġalta, agus naċ ccuireann srían ré na ṫanguiḋ, aċd ḃíos ag meallaḋ a ċroiḋe féin, as dioṁaóin ríaġail an tíse.