22 Oír is beaṫa íad don druing do ġeiḃ íad, agus sláinte dá ḃfeóil uile.
Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.
Is cíor ṁeala bríaṫra millsi, milis do nanam, agus sláinte do na cnáṁuiḃ.
Marsin béid síad na mbeaṫa dot anam, agus na ngrasaiḃ dot ṁuinéul.
Biáiḋ sin na ṡláinte dot imlinn, agus na smior dot ċnáṁuiḃ.
Eíst, a ṁic, agus glac mo ráiḋte; agus béid blíaḋna do ṡáoġail iomadaṁuil.
Do ṁúin se mé fós, agus a duḃairt riom, Glacaḋ do ċroiḋe mo ḃríaṫra: coiṁéad maiṫeanta, agus mair.
Oír giḋ bé ġeaḃas misi do ġeaḃa sé beaṫa, agus do ġeaḃa faḃar ón TIĠEARNA.
Féuċ, do ḃéara me sláinte agus leiġios ċuice, agus leiġeosuiḋ mé íad, foillseoċa mé ḋóiḃ líonṁaireaċt na síoṫċána agus na fírinne.