20 A ṁic, taḃair aire dom ḃríaṫraiḃ; cláon do ċlúas dom ráiḋtiḃ.
Cía hé an duine ler mían beaṫa, ler bionṁúin iomad láeṫeaḋ, dfaicsin maiṫeasa?
Tugaiḋ, ó mo ṗobal, éisteaċt dom ḋliġeaḋ: cláonuiḋ ḃur cclúas ċum bríaṫar mo ḃéil.
Teagaisg ḋúinn ar laeṫe dáirioṁ, iondus go ttugam ċugainn croiḋe eagnuiġe.
Iondus go ccláonfa tú do ċlúas ċum na heagna, agus go ttinḃra tú do ċroiḋe don tuigsin;
Oír is ní solásaċ é, má ṫaisgionn tú a stiġ ionnad íad; béid fós iomċuḃaiḋ ann do ḃéul.
A ṁic, taḃair aire dom ċríonnaċtsa, agus ċáon do ċlúas dom ṫuigsin:
A ṁic, coiṁéad mo ḃríaṫra, agus cuir maiṫeanta a ttaisgiḋ agad féin.
Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.
Suil do sguir seisean do laḃairt, féuċ, do ṫeilg néull soillseaċ sgáile orrṫa: agus feuċ táinic guṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so an Mac gráḋaċ úd agamsa, an a ḃfuil mo ṫoil ṁaiṫe; Eisdiġ ris.