Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.
Ar a naḋḃarsin biáiḋ a sliġe ḋóiḃ aṁuil sliġṫe sleaṁna annsa dorċadus: díbeorṫar ar a naġáiḋ íad, agus tuitfid annsin: óir do ḃéara misi olc orra, eaḋon blíaḋuin a ḃféuċana, a deir an TIĠEARNA.
Uime sin a duḃairt Iósa ríu, Atá an solus ḃur measg fós ar feaḋ tamuill ḃig. Siuḃlaiḋ an feaḋ ḃías an solus aguiḃ, deagla go mbéuraḋ an dorċadus, oruiḃ: Oír giḋ bé ṡioḃlus ann sa dorċadus, ní feas do gá háit a ngaḃann sé.
Aċd an tí ḟuáiṫiġeas a ḋearḃráṫair atá sé a ndorċadas, agus siuḃluiḋ sé a ndorċadas, agus ní eadair sé cá háit a ngaḃann, do ḃríġ gur ḋall an corċadas a ṡúile.