Agus biáiḋ sé mar ṡolus na maidne, an nuair éirġios an ġrían, eaḋon ar maidin gan néull; mar an ḃféur min ag fás as an ttalaṁ le deálra glan a ndiáiġ fearṫanna.
Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.
Go maḋ mar sin ḋealróċus ḃur soillsisi a ḃfíaġnuisi na ndáione, a gcrúṫ go ḃfaicfiḋ síad ḃur ndeaġoibriġṫe, agus do dtioḃruid glóir dá ḃur Naṫair atá ar neaṁ.
Do ċum go mbeiṫ siḃ ḃur gcloinn ag ḃur Naṫair féin atá air neaṁ: óir do ḃeir seisean fa deara go néirġean a ġrían air na droċ ḋaoíniḃ agus air na deaġ ḋaóiniḃ, agus do ní sé fearṫuinn air na firéunaċaiḃ agus air na neiṁḟiréunċuiḃ.
Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.
Ionnus go mbiáiḋ siḃ neiṁċiontaċ agus neaṁurċóideaċ, ḃur gcloinn neaṁloċduiġ ag Día, a measg ḋroiċċiniḋ ċrosda, eidir a ḃfuil siḃ ag deallruġaḋ mar lóċrannuiḃ soilse sa tsáoġal;
Agus atá aguinn bríaṫar na ḃfáiḋeaḋ as deiṁniġe ná sin; dana maiṫ do ní siḃ aire do ṫaḃairt, aṁuil do lóċrann ṡoillsiġeas a nionad ḋorċa go soillsiuġaḋ an láoi, agus go héirġe do réult na maiden ann ḃur gcróiḋṫiḃ:
Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.
Marsin a ṪIĠEARNA go gcláoiḋtear do naiṁde uile: aċ bíoḋ an ṁeid ler ḃionṁuin é mar an ngreín a núair éirġios súas iona neart. Agus do ḃí súaiṁnios agan taluṁ ceaṫraċad blíaḋan.